skip to main content

Triail Patrick Hutch curtha ar athló

Tá triail Patrick Hutch, atá cúisithe i ndúnmharú David Byrne arú anuraidh, curtha ar athló ar feadh míosa.

Sin le go bhféadfar dul chun cinn leis an bhfiosrúchán faoi bhás an Cheannfoirt, Colm Fox a bhí ag fiosrú an cháis.

Dúnmharaíodh David Byrne in Óstán an Regency i mBaile Átha Cliath ar an 5ú Feabhra 2016.

Tá Patrick Hutch ag séanadh aon bhaint a bheith aige leis an dúnmharú sin.

Séanann sé freisin go raibh 3 raidhfil ina sheilbh a deirtear a d'úsáideadh san ionsaí.

Fuarthas an Ceannfort Colm Cox básaithe i mBeairic Bhaile Munna ar an 10ú lá den mhí seo.

Shín an tAbchóide Sinsearacha, Seán Gillane nótaí isteach ag tús na héisteachta inniu a scíobh an Ceannfort Cox.

D'iarr sé ar na 3 breithiúna iad a léamh.

Thug sé le fios don chúirt go bhfuil fiosrúchán ar bun faoin gcaoi ar bhásaigh an ceannfort agus socraíodh gur cheart an fiosrúchán a chríochnú agus an fhad a bheadh an obair sin á déanamh, go gcuirfí an triail ar athló.