Maraíodh seacht nduine dhéag de bharr a gcaite, agus gortaíodh go leor eile, in ionsaí a rinneadh ar ardscoil i bhFlorida.
Daltaí scoile agus daoine fásta atá i measc na marbh, tuigtear. Tá sé deimhnithe gur maraíodh an cóitseálaí peile san eachtra.
Nikolas Cruz, naoi mbliana déag d'aois, iardhalta de chuid na scoile, a bhfuil amhras faoi go ndearna sé an t-ionsaí.
Tá seisean gafa ag na húdaráis ó shin. Agus tá sé cúisithe anois i seacht gcúis déag de dhúnmharú réamhbheartaithe.
Is cosúil gur cuireadh amach as an scoil é, ar chúiseanna a bhain le cúrsaí smachtaithe, nuair a bhí sé ag freastal uirthi.
Tharla an t-ionsaí in Ardscoil Marjory Stoneman Douglas, i bParkland, thart ar 80 cileaméadar ó thuaidh de Mhiami.
Tá na húdaráis i mbun cuardaigh fé láthair ar ghníomhaíochtaí idirlín Nikolas Cruz. Deir siad gur údar imní é cuid den ábhar atá faighte acu.
Deir lucht na scoile gur cadhan aonair é Nikolas Cruz.