Tá sé deimhnithe ag an Aire Cumarsáide Denis Naughten, go bhfuil an comhlacht Eir ag tarraingt amach as an bpróiseas tairisceana don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda. 

Cuireann an comhlacht Eir leathanbhanda ar fáil do bhreis agus leathmhilliún teach agus ionad gnó ar fud na tíre.

Maíonn an comhlacht go bhfuil siad ag tarraingt amach as an bpróiseas i ngeall ar chomh gabhlánach agus atá sé. Deir Eir freisin go bhfuil éiginnteacht ag baint le cúrsaí rialála agus praghsála. 

Níl ach comhlacht amháin eile - eNet- fanta sa phróiseas tairisceana anois chun leathanbhanda a chur ar fáil ar fud na tíre.