D’fhreastail na céadta inniu ar shochraid an amhránaí Dolores O’Riordan, a fuair bás go tobann seachtain ó shin i Londain. Bhí an tsochraid ar siúl i mBaile Uí Bhricín i Luimneach.
B’é an Canónach Liam McNamara a bhí i mbun an aifrinn. Dlúthchara de chuid theaghlach Dolores O’Riordan is ea é.
Bhí Ard-Easpag Chaisil agus Imligh, Kieran O’Reilly, i mbun an aifrinn in éindí leis.
I measc na bpríomhchainteoirí ag an aifreann, bhí máthair Dolores, Eileen, a seisiúr clainne agus leanaí Dolores, Taylor, Molly agus Dakota agus a leasmhac Donny. Bhí Don Burton, iarfhear chéile Dolores O’Riordan, i láthair chomh maith.
Dúirt an Canónach McNamara go raibh pearsantacht chineálta ag Dolores O’Riordan. Agus gur chuidigh sí le go leor daoine a bhí ag fulaingt de bharr an galar dubhach a bheith orthu.
Rinne sé cur síos ar an gcéad uair a bhuail sé le Dolores i 1989. Dúirt sé go raibh guth speisialta aici.
"Cailín cliste a bhí inti", a dúirt sé, "agus thuig sí dá bharr go gcaithfeadh sí na buanna a bhí aici a fhorbairt agus a úsáid i gceart. Thuig sí gurbh é Dia é fhéin a thug an tallann speisialta sin di agus go gcaithfeadh sí é a úsáid ar mhaithe le daoine eile."
Cuireadh í in aice lena hathair, Terence, ag searmanas príobháideach ag Reilg Chathair Ailí.