Tá leithscéal gafa ag an Taoiseach Leo Varadkar thar ceann an Stáit le Joanne Hayes faoinar fhulaing sí agus bás linbh i gCiarraí i 1984 á fhiosrú ag na Gardaí.
Cuireadh i leith Joanne Hayes go héagórach gur mharaigh sí an leanbh nuabheirthe a bhfuarthas a chorp ar an Trá Bhán i gCathair Saidhbhín i mí Aibreáin na bliana 1984.
Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan inniu gur caitheadh go han-dona le Joanne Hayes agus go raibh an méid a tharla di éagórach.
Ghabh seisean a leithscéal thar ceann an Stáit freisin agus dúirt sé go raibh aiféala air faoinar tharla.