Tá a leithscéal gafa go poiblí ag na Gardaí le Joanne Hayes, an bhean as Co Chiarraí ar cuireadh ina leith san éagóir gur mharaigh sí leanbh nuabheirthe a bhfuarthas a chorp i gCathair Saidhbhín i mí Aibreáin na bliana 1984.
Bhí an buachaill, a fuarthas ar an Trá Bhán i gCathair Saidhbhín, sáite roinnt babhtaí.
Ag preasócáid ar an mbaile sin tráthnóna, dúirt an Ceannfort Flor Murphy gur údar mór aiféala do na Gardaí gur thóg sé an fad seo orthu a dheimhniú nach í Joanne Hayes máthair an linbh. Ghabh sé a leithscéal léi as an strus agus as an bpian a d'fhulaing sí i gcaitheamh na mblianta.
Dúirt sé nach raibh caighdeán an fhiosrúcháin a rinneadh faoin gcás sna hochtóidí sách maith.
Chaomhnaigh na Gardaí sampla fola a tógadh ón leanbh ag an am agus le gairid rinne eolaithe sa tSaotharlann Dlíeolaíochta próifíl iomlán DNA dó.
Táthar ag súil go bhféadfadh sé seo cuidiú leis na Gardaí a fháil amach cérbh iad máthair agus athair an naíonáin.