Tá an t-amhránaí Éireannach clúiteach Dolores O'Riordan tar éis bháis go tobann i Londain. Bhí sí 46 bliain d'aois. 

An príomhamhránaí sa ghrúpa The Cranberries ab ea í. 

Bhain Dolores O'Riordan cáil idirnáisiúnta amach leis na Cranberries agus dhíol an grúpa breis agus 40 milliún ceirnín.

B'as Baile Uí Bhricín i gCo Luimnigh ó dhúchas í.

Tuigtear go raibh sí i Londain le hamhráin a thaifeadadh i stiúideo ansin. In óstán i Park Lane i Londain a fuarthas a corp.