Tá dlús tagtha ar ghluaiseacht na Gaeilge i dTamhlacht le cúpla bliain anuas.
Tá dhá bhunscoil lánGhaeilge sa gceantar agus Gaelcholáiste amháin.
Tráth dá raibh, bhí Cumann Gaelach an-láidir sa gceantar. Ach tháinig meath air sin de réir a chéile, cé go raibh an Ghaeilge i gcónaí ann go láidir i measc na n-óg sna scoileanna.
Cúpla bliain ó shin, cuireadh grúpa pobail nua ar bun – Gaelphobal Thamhlachta – leis an nGaeilge a thabhairt amach as na scoileanna i dTamhlacht agus í a chur i mbéal an phobail in athuair ansin.
Cheannaigh siad foirgneamh nua i lár an bhaile trí bliana ó shin agus é mar aidhm acu Gaelionad a fhorbairt ansin. Ach cuireadh moill ar chúrsaí, de bharr easpa maoinithe agus deacrachtaí ó thaobh cead pleanála de.
Tá na fadhbanna sin réitithe anois. Agus rachfar i mbun oibre ar an nGaelionad nua i mí Eanáir.
"Tosóimid ar Chéim a hAon den tógáil i gceann cúpla seachtaine", a deir Pól Ó Meadhra, múinteoir áitiúil atá ar thús cadhnaíochta ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge sa gceantar.
"Táimid chun caife, siopa leabhar agus oifig a thógáil ar dtús. Agus ina dhiaidh sin, le linn Chéim a Dó, tá sé i gceist againn amharclann bheag a thógáil."
Tá níos mó ná céad Pop-Up Gaeltacht eagraithe ar fud na cruinne ó cuireadh tús leis an togra breis agus bliain ó shin. Agus d’eagraigh Pól Ó Meadhra ceann i dTamhlacht aréir. Bhí sé ar siúl i dTeach Tábhairne Molloys i lár an bhaile agus bhí thart ar dhá scór duine i láthair aige.
‘Séard atá i gceist leis an Pop-Up ná imeacht ag a dtagann slua Gaelach le chéile aon uair amháin i dteach tábhairne fánach.
‘Sé Peadar Ó Cíobháin a chuir tús leis an togra seo agus bhí seisean i láthair ag an Pop-Up i dTamhlacht aréir.
"Is ceann spéisiúil é an Pop-Up seo i dTamhlacht", a dúirt sé, "mar gur pobal cuisíoch nua é an pobal i dTamhlacht ó thaobh na Gaeilge de. Táim an-bhródúil a bheith anseo mar léiríonn líon na ndaoine atá i láthair an rath atá ar an Pop-Up mar thogra agus is léiriú é chomh maith ar na hiarrachtaí móra atá ar bun i dTamhlacht ó thaobh na teanga de."
Tá Gaelphobal Thamhlachta ag súil go mbeidh an Gaelionad ar oscailt don phobal den chéad uair i mí Aibreáin.