'Ní féidir leis an Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón socrú a rinne sí leis an Aontas Eorpach an tseachtain seo caite' a dúirt an t-idirbheartaí Michel Barnier.

Bhí Michel Barnier ag labhairt le Parlaimint na hEorpa.

Dúirt sé go gcaithfí an socrú a aistriú ina fhoclaíocht dlí, má leanann na comhráití orthu mar is ceart.

Ba é Michel Barnier príomhidirbheartaí an Aontais Eorpaigh sa gcéad shraith cainteanna ar an Bhreatimeacht.

Le móramh suntasach inniu vótáil Feisirí i bParlaimint na hEorpa i bhfábhar rúin a cheadaíonn dul ar aghaidh ag an dara cuid de na comhráití faoi imeacht na Breataine as an Aontas.

Bhí 556 díobh ar son an rúin, 56 ina choinne.

Cúrsaí trádála idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach a bheidh á bplé sa dara sraith cainteanna.