Ghlac na mílte Páilistíneach páirt inniu in agóidí inniu i "Lá Feirge" a bhí ar siúl ar an mBruach Thiar, in Gaza agus in Oirthear Iarúsailéim. Tagann na hagóidí seo sna sála ar fhógra Uachtarán Stáit Aontaithe Mheirceá, Donald Trump, go raibh na Stáit Aontaithe chun aitheantas a thabhairt feasta go hIarúsailéim mar phríomhchathair Iosrael.
Tá Pailistíneach amháin - ar a laghad - marbh de bharr caismirte le trúpaí Iosrael. Gortaíodh na scórtha eile.
Ghlac Moslamaigh i dtíortha Arabacha agus Moslamacha ar fud an domhain páirt in agóidí inniu, chun seasamh le muintir na Pailistíne.
Agus iad ag fágáil úrnaí na hAoine ag mosc Al Aqsa in Iarúsailéim, thug an lucht adhartha aghaidh ar sheangheataí na cathrach, ag béiceadh, "Is linne Iarúsailéim, ‘Sí Iarúsailéim príomhchathair s’againne! Níl focail fholmha uainn....níl uainn ach clocha agus Kalashnikovs!"
D’éirigh idir an lucht agóide agus na poilíní.
Inné, dúirt Hamas gur chóir go mhuintir na Pailistíne dhul i mbun éirí amach i gcoinne Iosrael.
Bhí dhá intifada ann cheana fhéin; idir 1987 agus 1993 agus 2000 agus 2005. Maraíodh na mílte Pailistíneach lena linn agus maraíodh breis is míle Iosraelach.
Tá Moslamaigh ar fud an domhain ar buile faoi chinneadh na Stát Aontaithe aitheantas a thabhairt go hIarúsailéim mar phríomhchathair Iosrael.