Tá an Bhreatain agus Aontas na hEorpa tagtha ar mhargadh faoi cheist na teorann agus ceisteanna eile, le go mbeifear in ann a dhul ar aghaidh ag an dara cuid de na comhráití faoi imeacht na Breataine as an Aontas.

Faoin socrú a déanadh aréir, beidh an Ríocht Aontaithe ag cloí le rialacha na hEorpa a thacaíonn le socruithe tras-teorann na hÉireann, mura mbeifear in ann a theacht ar chomhréiteach sa gcuid eile de na comhráití.

Bheadh an Ríocht Aontaithe, ag fanacht leis an leagan amach atá ar margadh aonair agus ar an aontas custaim agus bheadh cosaint iomlán ag Comhaontú Aoine an Chéasta.

Dúirt an Ríocht Aontaithe, go bhfuil siad tugtha do chosaint a thabhairt don chomhoibriú idir Tuaisceart Éireann agus an Phoblacht agus nach mbeidh aon athrú ar chúrsaí ar an teorainn.

Dúirt an Tanáiste agus an tAire Graithí Eachtracha, Simon Coveney, gur margadh dearfach atá déanta agus gur dea-scéal atá ann do chuile dhuine idir náisiúnaigh, aontachtóirí agus iad siúd atá ina gcónaí i gceantar na teorann.

Dúirt sé gur cuma céard a tharlóidh, nach dtiocfaidh aon athrú ar an leagan amach atá ar an teorainn idir an Phoblacht agus Tuaisceart Éireann.

Thug sé le fios go bhfuil plean leagtha amach, sa gcás agus nach n-éireodh leis an dara cuid de na comhráití a bhaineann le cúrsaí trádála agus go mbeifear ag cloí leis na rialacha a bhaineann leis an margadh aonair agus leis an aontas custaim, ar fud oileán na hÉireann, ach go bhfuil sé geallta ag an mBreatain agus ag an Eoraip, nach dtiocfaidh aon athrú ar chúrsaí ar an teorainn.

Dúirt sé freisin gur cuireadh alt breise leis an socrú a bhí déanta Dé Luain, a thugann gealltanais faoi chúrsaí graithe.

Labhróidh an Taoiseach, Leo Varadkar, agus an Tanáiste, Simon Coveney, le iriseoirí go gairid anois, faoin méid a bhaineann leis an dul chun cinn a rinneadh sna comhráití aréir.