Is nós Meiriceánach é ó thús agus chuaigh muintir Stáit Aontaithe Mheiriceá i mbun siopadóireachta go fonnmhar arís i mbliana. Bhí $1.5 billiún caite acu faoi thráthnóna Lá an Altaithe.

Ach léirigh taighde a dtug Price Waterhouse Coopers fé nach rachadh ach 35% de Mheiriceánaigh a raibh sé i gceist acu dhul sa tóir ar shladmhargaí i mbun siopadóireachta sa deireadh. 

Ar ndóigh, tá Aoine Dhubh anois againn in Éirinn. I nDún Droma, dúirt bainisteoir an ionaid siopadóireachta, Conor McDaid, le Nuacht inniu nach bhfuil bunús leis na líomhaointí gur ag iarraidh fáil réidh le seanstoc atá siopaí.

"Níl aon fhianaise agam air sin", a deir sé. "Tá an lucht siopadóireachta níos sofaisticiúla anois. Ní hé go mbíonn siad sa tóir ar na táirgí is saoire níos mó.

'Séard atá á lorg acu ná an táirge is fearr ar an bpraghas is fearr. Agus tá bainistiú stoc chomh maith na laethanta seo gur féidir le custaiméirí a sheiceáil ar líne céard go díreach atá ar fáil". 

Ach ní aontaíonn Eagarthóir Teicneolaíochta an Irish Independent leis sin.

"Feiceann tú go leor sean-stoc sna siopaí", a dúirt Adrian Weckler. "Go minic bíonn gnónna ag iarraidh sean-táirgí a bhrú amach as an doras Aoine Dhubh. Fadhb eile atá ann ná gur lascainí bréagacha atá i gceist go minic. Deir na siopaí go mbíonn lascaine de 40% ar tháirgí, mar shampla.

Go minic 'séard atá á dhéanamh acu ná 40% a bhaint den phraghas a bhí ar an táirge ag tús na bliana, seachas ar an bpraghas a bhí air an tseachtain seo caite. Mar sin, bíonn an chuma ar an scéal go bhfuil lascaine níos fearr ar fáil."

Cuireann sé comhairle ar dhaoine suíomhanna idirlín mar PriceSpy.ie a úsáid chun comparáid a dhéanamh idir na praghsanna a ghearanna siopaí éagsúla ar an táirge céanna.