Ag Binse Fiosraithe Choireanna Cogaidh na Náisiún Aontaithe, ciontaíodh Ratko Mladic, iarcheannasaí na bhfórsaí Seirbiacha sa Bhoisnia, i gcinedhíothú agus i gcoireanna in aghaidh na daonnachta.

Gearradh téarma príosúnachta saoil ar Ratko Mladic atá 74 bliain d'aois. 

Rialaigh an chúirt gur ordaigh Mladic go marófaí suas le 8,000 fear agus buachaill Moslamach i Srebrenica - an sléacht ba mheasa san Eoraip ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda.