Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara cáinte ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill faoi dhá phost sa Ghaeltacht a fhógairt gan riachtanas Gaeilge a chur leo.
Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, mhaígh an Coimisinéir Teanga go bhfuil sé éigiallta a rá le muintir na Gaeltachta pleananna teanga a réiteach agus a thabhairt le fios dóibh ag an am céanna gur cuma faoin teanga i dtaca le fostaíocht sa Ghaeltacht de.
Bhí sé ag labhairt i bhfianaise an scéil go bhfuil fógraí foilsithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara do phoist i gceantair Ghaeltachta ina ndeirtear go bhfuil sé inmholta go mbeadh Gaeilge ag na daoine a cheapfaí ach go bhfuil sé riachtanach go mbeadh Béarla líofa acu.
Dúirt Rónán Ó Domhnaill go gcreideann sé go bhfuil géarghá le coinníoll teanga a chinnteodh go gcaithfeadh Gaeilge a bheith ag státseirbhísigh sa Ghaeltacht.