Tháinig méadú ar an líon daoine atá ag fanacht le cúram leighis in ospidéal an mhí seo caite. Méadú thart ar 6,000 duine a bhí i gceist.
Bhí 684,800 ag fanacht le cúram leighis i mí Dheireadh Fómhair le hais 678,800 an mhí roimhe sin.
Agus léirítear i bhfigiúirí a d'fhoilsigh Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann go raibh 8,903 duine ar thralaithe in ospidéil na tíre i mí Dheireadh Fómhair i mbliana, méadú de 15% ar an am céanna anuraidh.
Dúradh go raibh an plódú i bhfad níos measa in Ospidéal Leitir Ceanainn i gCo Dhún na nGall i mí Dheireadh Fómhair i mbliana i gcomparáid leis an am céanna anuraidh.
Léirítear sna figiúirí go raibh 121 duine ar thralaithe i mí Dheireadh Fómhair anuraidh i gcomparáid le 459 duine i mí Dheireadh Fómhair i mbliana.