Tá cuireadh tugtha don bhainistíocht agus do na ceardchumainn in Iarnród Éireann dul chuig cainteanna sa Chúirt Oibreachais amárach féachaint an bhfaighfí réiteach ar an aighneas atá eatharu faoi chúrsaí pá.
Ní raibh aon tseirbhís traenach ann inné ná seachtain is an lá inné mar gheall ar stailc a bhí ar bun ag na hoibrithe.
Tá siad ag beartú dul ar stailc arís ar 14 agus 23 Samhain agus ar 8 Nollaig.
Tá sé tugtha le fios ag an mbainistíocht, ag Ceardchumann na nOibrithe Bus agus Iarnróid agus ag SIPTU go bhfuil siad chun dul chuig na cainteanna.
Dúirt Ceardchumann na nOibrithe Bus agus Iarnróid, áfach, nár cheart an iomarca misnigh a bheith ag daoine go dtiocfar ar réiteach.