skip to main content

Athbhreithniú le déanamh ag RTÉ ar cheolfhoirne na heagraíochta

Athbhreithniú le déanamh ar cheolfhoirne RTÉ
Athbhreithniú le déanamh ar cheolfhoirne RTÉ

Tá sé deimhnithe ag RTÉ go bhfoilseoidh siad téarmaí tagartha 'go luath' maidir le hathbhreithniú atá le déanamh ar sheirbhísí ceolfhoirne na heagraíochta. Tá sé i gceist tabhairt faoin athbhreithniú sna seachtainí amach romhainn, a dúradh.

Tá imní ar Cheardchumann Ceoltóirí na hÉireann, áfach, go bhfuil rún ag RTÉ an cheolfhoireann shiansach agus an cheolfhoireann ceolchoirme a nascadh le chéile.

Deir an ceardchumann go gcuirfidh siad go tréan ina choinne sin agus go rachaidh siad i mbun gníomhaíocht thionsclaíoch 'más gá.' Dar leo go bhfuil gá le dhá cheolfhoireann ar leith.

Cúig ghrúpa ceoil atá faoi chúram RTÉ. Chomh maith leis an dá cheolfhoireann, tá an Cór Fiolarmónach, an Ceathairéad Comhaimseartha agus Cór na nÓg ann freisin.

Tá sainchuraimí ar RTÉ ceolfhoirne na tíre a chothú. Sa bhliain 1948 a bunaíodh an cheolfhoireann shiansach agus an cheolfhoireann ceolchoirme. Is ceolfhoirne proifisiúnta lánaimseartha iad.

Ar cheol clasaiceach agus comhaimseartha a dhíríonn an cheolfhoireann shiansach. Is ar cheol clasaiceach agus 'cheol na ndaoine' a dhíríonn an cheolfhoireann ceolchoirme go príomha.

Deir RTÉ go bhfuil sé mar aidhm ag an athbhreithniú atá beartaithe seirbhísí ceolfhoirne inmharthana atá ar ardchaighdeán a sholáthar don phobal.

Mar sin féin, deir Ceardchumann Ceoltóirí na hÉireann nach bhfuil aon léamh eile ar an scéal ach go bhfuiltear ag iarraidh cónascadh de chineál éigin a dhéanamh idir an cheolfhoireann shiansach agus an ceolfhoireann ceolchoirme.

Deir siad nár cuireadh ar an eolas iad go dtí an tseachtain seo caite go raibh an t-athbhreithniú seo ar na bacáin. Deir siad freisin nach bhfuil aon eolas faighte acu ó RTÉ maidir le sonraí an athbhreithnithe.

Tá thart ar 200 duine fostaithe ag grúpaí ceoil RTÉ.