Tháinig ardú 12.8% ar phraghsanna tithe le bliain, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh. Seo an t-ardú bliantúil is tréine le dhá bhliain.
I mBaile Átha Cliath, ardú 12.2% ar an meán idir thithe agus árasáin a bhí i gceist. I dtaca le Baile Átha Cliath de, i lár na cathrach a bhí an t-ardú is mó (13.9%) agus i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin a bhí an t-ardú is ísle (9.9%).
Ardú 13.2% a bhí i gceist sa chuid eile den tír.
San iarthar a bhí an t-ardú is mó (16.5%) agus i réigiún an mheániarthair a bhí an t-ardú is ísle (9.8%).
Ainneoin na n-arduithe seo, tá praghsanna tithe fós 23.7% níos ísle ná an buaicphointe in 2007.
Is é Dún Laoghaire-Ráth an Dúin an ceantar is daoire le teach a cheanach ann - €590,725 atá sa mheánphragas.
Is é an Longfort an contae is saoire. €93,622 is ea an meánphraghas ansin.