Tá tús curtha sa Chomhairle Mhúinteoireachta i Maigh Nuad, Co Chill Dara, leis an gcéad chás poiblí smachta in aghaidh múinteora sa tír seo.
Baineann an cás le líomhaintí gur chuir agus go ndúirt an múinteoir mná le daltaí Seilitéip a chur ar chúigear daltaí eile nuair a bhí sí ag déanamh ionadaíochta i scoil i i mí an Mhárta sa bhliain 2012.
Tá an cás a éisteacht faoi reachtaíocht nua a tugadh isteach tamall ó shin.
Níl ainm an mhúinteora ná na scoile ná ainmneacha na bhfinnéithe á dtabhairt.
Níl an múinteoir i láthair ag an éisteacht agus séanann sí líomhaintí.
I gcomhfhreagras leis an gComhairle Mhúinteoireachta, dúirt gur chuir na líomhaintí as dá sláinte agus go bhfuil strus mór uirthi dá mbarr.