Nochtadh leacht nua in Inis Ceithleann, Co Fhear Manach, inniu i gcuimhne na ndaoine a maraíodh san ionsaí buamála ar an mbaile 30 bliain is an lá inniu. Maraíodh 11 duine agus gortaíodh na scórtha eile.
Bhásaigh duine eile a gortaíodh san ionsaí sa bhliain 2000 tar éis dó trí bliana déag a chaitheamh i gcóma.
Níor cúisíodh ná níor ciontaíodh aon duine riamh faoin ionsaí buamála.
Ag an searmanas Inniu, ghuigh an tOirmhineach David Cupples ón Eaglais Phreispitéireach go gcuideodh an ócáid le sólás a thabhairt do theaghlaigh na ndaoine a maraíodh agus a gortaíodh san ionsaí an lá sin.
Dúirt an tOirmhineach Samuel McGuffin ón Eaglais Mhodhach gur ócáid dheacair a bhí ach go rabh gá lena chomóradh ar mhaithe leis na gaolta.
I ndiaidh nochtadh an leachta a bhfuil ainmneacha na marbh greannta air, sheas a rabh i láthair i gciúnas dhá bhomaite sular léamh amach a gcuid ainmneacha.