Tá Marty Walsh, fear de bhunadh Chonamara, tofa ina mhéara ar chathair Bhostúin don dara huair.
Fuair sé beagnach 65% den líon vótaí a caitheadh agus bhí bua éasca aige ar a chéile comhraic Tito Jackson.
In oráid a thug an Marty Walsh tar éis dó a bheith tofa, rinne sé tagairt do chúrsaí imirce, d'fhadhbanna sóisialta sa chathair agus dó na deacrachtaí atá ag Bostún cúnamh a fháil ón rialtas i Washington.
As Caladh Mhaínse in Iorras Aithneach athair Marty Walsh agus is as Ros Cíde i Ros Muc a mháthair.
Tá sé ina mhéara ar Bhostún ón mbliain 2013.