skip to main content

An Afraic Theas á moladh do Chorn Rugbaí an Domhain in 2023

An Afraic Theas á moladh do Chorn Rugbaí an Domhain in 2023
An Afraic Theas á moladh do Chorn Rugbaí an Domhain in 2023

Tá sé molta ag lucht eagair Chorn Rugbaí an Domhain gurb í an Afraic Theas a bheas ina bhun don bhliain 2023. 

Ba iad Éire agus an Fhrainc an dá thír eile a bhí san iomaíocht.

Deir an t-iarThánaiste Dick Spring, cathaoirleach thoscaireacht na hÉireann, go bhfuil seans fós ag an tír seo nuair a chaithfear vótaí arís coicís ón gCéadaoin seo chugainn.