skip to main content

Deireadh seachtaine saoire bainc ach srian ar sheirbhísí iompair

Cuirfear isteach go mór ar sheirbhísí DART, traenach agus busanna thar an deireadh seachtaine de bharr Mharatón Bhaile Átha Cliath, a bheas ar siúl dé Domhnaigh
Cuirfear isteach go mór ar sheirbhísí DART, traenach agus busanna thar an deireadh seachtaine de bharr Mharatón Bhaile Átha Cliath, a bheas ar siúl dé Domhnaigh

Cuirfear isteach go mór ar sheirbhísí DART, traenach agus busanna thar an deireadh seachtaine de bharr Mharatón Bhaile Átha Cliath, a bheas ar siúl dé Domhnaigh, agus de bharr oibreacha ar línte traenach thar an deireadh seachtaine. Tá comhairle á cur ar phaisinéirí a gcuid sonraí taistil ar fad a sheiceáil ar líne. 

Beidh an t-ochtú maratón is tríocha ar siúl i gCathair Bhaile Átha Cliath dé Domhnaigh. Beidh fiche míle duine páirteach ann, ó gach cearn den domhan.

Beidh go leor srianta tráchta i bhfeidhm, i lár na cathrach, ar Bhóthar na gCloch, i nDroimineach, i mBaile Bhailcín, Teach Mealóg agus Tír an Iúir. Is féidir na srianta iomlána a sheiceáil ar shuíomh idirnlín an mharatóin ag http://sseairtricitydublinmarathon.ie/traffic-information/

 Dúirt Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Micheál Mac Donncha, le Nuacht inniu gur chóir do dhaoine fós teacht isteach sa gcathair le taitneamh a bhaint as atmáisféar an lae ar an Domhnach, ach go gcaithfidh siad smaoineamh ar na srianta a bheas i bhfeidhm, a dúirt sé.

Ba chóir dóibh an gluaisteán a sheachaint agus úsáid a bhaint as iompar poiblí, más féidir. Ach, beidh srianta ar iompar poiblí chomh maith an deireadh seachtaine seo.

Cuirfear isteach ar sheirbhísí  de chuid Bhus BhÁC de bharr an mharatóin, agus tá comhairle á cur ar phaisinéirí a gcuid sonraí a sheiceáil ar líne ag www.dublinbus.ie. Ní bheidh aon seirbhísí DART i dtuaisceart na cathrach amárach ná dé Domhnaigh. 

Beidh aistrithe bus i bhfeidhm ar na seirbhísí traenach idir Corcaigh agus Baile Átha Cliath...agus idir Béal Feirste agus BÁC de bharr oibreacha ar na línte. 

Agus tá sraith stailceanna ar na bacáin in Iarnród Éireann chomh maith beidh an chéad cheann ar siúl dé Céadaoin seo chugainn.