skip to main content

CLS ar an bhFiontraí Tionscail is fearr i nGradaim Ernst & Young

Evelyn O'Toole ar bronnadh gradam EY Fiontraí Tionscal na Bliana uirthi dá gnó saotharlainne CLS i Ros Muc agus i gcathair na Gaillimhe
Evelyn O'Toole ar bronnadh gradam EY Fiontraí Tionscal na Bliana uirthi dá gnó saotharlainne CLS i Ros Muc agus i gcathair na Gaillimhe

Bronnadh ceann de ghradaim Ernst and Young - Fiontraí na Bliana 2017 ar Evelyn O'Toole as an gClochán, ag ócáíd a bhí ar bun i mBleá Cliath aréir.  

Bhain sí amach an gradam sa rannóg tionscalaíochta mar gheall ar a cuid oibre ag forbairt Saotharlann Chonamara Teo (nó CLS). Bhunaigh Evelyn O'Toole Saotharlann Chonamara Teo i Ros Muc sa mbliain 1994 agus tá an dara saotharlann  ag an gcomhlacht anois ar Bhóthar Thuama i nGaillimh.

Cuireann Saotharlann Chonamara Teo seirbhísí anailís e ar fáil in earnálacha éagsúla ar nós an bia, an timpeallacht, leigheas agus cógasaíocht sa tír seo, sa mBreatain, i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i dtíortha san Eoraip.

'Sé Harry Hughes, ón gcomhlacht éadaigh idirnáisiúnta Portwest atá lonnaithe i Maigh Eo is a bhfuil siopa acu ar an tSráid Ard i nGaillimh, a fógraíodh mar bhuaiteoir ar phríomh-ghradam Fiontraí na Bliana 2017 aréir.