skip to main content

Cinneadh PSNI faoi 'Hooded Men' ar neamhní san Ard-Chúirt

Na 'Hooded Men' ag labhairt lasmuigh d'Ard-Chúirt Thuaisceart Éireann i mBéal Feirste inniu i ndiaidh do Bhreitheamh cinneadh an PSNI a chur ó mhaith
Na 'Hooded Men' ag labhairt lasmuigh d'Ard-Chúirt Thuaisceart Éireann i mBéal Feirste inniu i ndiaidh do Bhreitheamh cinneadh an PSNI a chur ó mhaith

Chuir Breitheamh san Ard Chúirt i mBéal Feirste ar neamhní cinneadh a rinne an PSNI 3 bliana ó shin nach ndéanfaidh  fiosrúchán maidir leis an chéasadh a rinne  forsaí slándála na Breataine ar na ‘Hooded Men’ mar a thugtar orthu.

Maíonn an 14 fear gur céasadh iad ar ordú Stáit na Breataine. Bhí seisear fear as an cheathrar déag sa chúirt inniu. Tá cúigear acu nach maireann anois. 46 bliain ar aghaidh dúirt siad gur lá mór a bhí anseo gur rialaigh breitheamh gur chóir athchuairt a thabhairt ar an chinneadh gan fiosrúchán a bhunú maidir lena gcás. 

I Lúnasa 1971 gabhadh beagnach 350 duine sa Tuaisceart agus cuireadh i bpríosún iad gan triail.

Diancheistíodh 14 acu seo ag úsáid teicnicí ar nós díothú codlata agus bidh, iad a chuir na seasamh in éadán ballaí ar feadh laethanta agus iad a bhualadh má thit siad agus húdaí a chuir ar a gcinn ar feadh uaireanta - an fáth a dtugtar na hooded men orthu. 

An tuairisceoir Eddie Barrett i dteannta beirt de na 'Hooded Men' tráth go raibh siad anaithnid i 1972


Ghlac siad athbhreithniú breithiniúnach i gcoinne chinneadh an PSNI i 2014 nach raibh go leor fianaise ann le fiosrúchán a ghairm. Dúirt an Breitheamh go raibh seo mí-réasúnta agus dúirt go raibh fianaise ann gur polaiteoirí sinseracha i Rialtas na Breataine sna 1970daí a d’órdaigh an céasadh. 

Dúirt an Breitheamh os rud é gur an PSNI a chonaic i gcomharbacht ar an RUC agus go bhfuil baill sa PSNI anois a bhí san RUC, go dtiocfadh fiosrúchán ar bith a dhéanfadh an PSNI salach ar fhiosrúchán neamshpleách. 

Cé gur chuir an Breitheamh cinneadh an PSNI ar neamnhní, níor dúirt sé cén dóigh ar chóir an próiséas a thabhairt chun tosaigh anois.