skip to main content

Gradam náisiúnta d'fhuisce nasctha nua JJ Corry an Chláir

Tá gradam náisiúnta buaite ag fuisce JJ Corry le déanaí -
Fuisce nasctha nua á tháirgeadh i gCuar, Chontae an Chláir ag comhlacht iomlán baineann.
Tá gradam náisiúnta buaite ag fuisce JJ Corry le déanaí - Fuisce nasctha nua á tháirgeadh i gCuar, Chontae an Chláir ag comhlacht iomlán baineann.

Tá gradam násiúnta bainte amach ag fuisce nua atá á tháirgeadh i gCo. An Chláir. Tá an táirge difriúil mar gur fuisce nascaithe atá i gceist. Ceird ab ea an nascú a d’imigh i léig sa tír seo le teacht na gcomhlachtaí drioglainne.

Sa Ghiorraí Theas, in aice Chuar an Chláir atá gnó nua fuisce bunaithe ag Louise McGuane.

Dath, boladh, neart - caighdeán fuisce JJ Corry á thomhas ag Louise McGuane


Le cúpla bliain anuas tá bairillí speisialta ceannaithe aici le tacaíocht airgid ó infheisteoirí agus iad líonta anois agus an obair tosnaithe chun an fuisce a nascadh, ceird tradaisiúnta a bhí forleathan sa tír seo go dtí tús an chéid seo caite.

Ar dhuine acu san a bhí i mbun fuisce a nascadh ar an dtaobh seo tire bhí an fear gnó JJ Corry. Bhí tigh tabhairne agus siopa grocéara aige i gCIll Rois i dtús an chéíd seo caite. Cheannaíodh sé a chuid dí i Luimneach agus dheineadh sé an fuisce a nascadh i gCill Rios.

Anois tá Louise McGuane tosnaithe ar an gceard seo aríst sa cheantair. Braitheann an nascadh ar an mbairille go bhfuil an fuisce ann agus agus t-aeráid go bhfuil sé á stóráil inti.

Louise McGuane - nascóir fuisce JJ Corry ag cur súil lena táirge


An tseachtain seo caite bhain an fuisce bonn óir agus gradam naisiúnta mar cheann de na fuiscí cumaisc is fearr sa tír.

Is ar fheirm deiríchta a h-athar atá an gnó bunaithe. Dúirt athair Louise, PJ Mac Dubhain gur cúis bhróid dó an comhlacht atá bunaithe ag a iníon.

Dúirt sé nuair a chríochnaigh sí sa choláiste go ndeacaigh sí ar fud an domhain ag obair dos na comhlachtai dí is mó le rá ach gur theastaigh uaithi i gcónaí filleadh abhaile agus comhlacht dá cuid féín a bhunú.

Beirt bhan atá i mbun an gnó anseo faoi láthair agus súil ag Louise an meitheall oibre a mhéadú agus gnó turasóireachta a bhunú timpeall air. 

Beidh tuairisc iomlán ag Tomás Ó Mainnín ar Nuacht TG4 tráthnóna ag 7