Gearradh príosún saoil ar fhear as fear eile a dhúnmharú i ndiaidh achrainn críche idir dhá chumann gluaisrothaíochta. Phléadáil Alan McNamara, 50, as Mong Fionn, Mainistir Uaithne, Co Luimnigh neamhchiontach i ndúnmharú Andrew O'Donoghue, 51, i 2015.

Andrew O'Donoghue a maraíodh i 2015
Ciontaíodh McNamara d'aonfhocal sa dúnmharú i ndiaidh a thriail i mí Iúil seo caite. Dúirt sé ar maidin go mbeidh áiféala air don gcuid eile dá shaol faoin marú.
D'admhaigh a leas-mhac, Robert Cusack, 28, lámh a bheith aige sa marú nuair a cheil sé an gránghunna a d'úsáid McNamara sa marú ar na húdaráis.
Gearrfar pianbhreith ar eisean tráthnóna.