Dúirt Ardeaspag Caitliceach Thuama Michael Neary, gur ciapadh ar Chriostaithe uile é, an t-ionsaí a rinneadh ar shéipéal protastúnach ar an gClochán, Co. na Gaillimhe.
Fuarthas amach maidin inné go ndearnadh scrios ar Shéipéal na Tríonóide Ró-Naofa, in Iorras Fhlannáin, An Clochán ón uair dheireanach a bhí sé in úsáid. Dúirt an tOir. Stan Evans le Nuacht RTÉ inné nach raibh aon chuid de threalamh go raibh an tséipéil a tháinig slán ón loitiméireacht a deanadh ar an séipéal uair éigin le mí anuas.
Milleadh na suíocháin, an chrannóg, an altóir - fiú's gur baineadh úsáid as crois bheannaithe an tséipéil mar úirlis le damáiste a dhéanamh. Cuireadh orgán an tséipéil ó mhaith agus caitheadh bíoblaí trí fhuinneoga na heaglaise.
Dúirt sé chomh maith, go raibh an séipéal díomhaoin ó cuireadh stop le seirbhísí an tSamhraidh i mí Meán Fómhair agus narbh fhios baileach, cathain ar déanadh an damáiste.
Dúirt an t-Ardeaspag Neary nach amháin gur ionsaí coiriúil a bhí ann ach gurb ionsaí ar frith-Chríostaí é agus gur bagairt do shaoirse tuairimíochta a bhí ann - saoirse atá i gcroílár chearta daonna agus saoirse go bhfuil praghas daor íoctha air.
Dúirt sé go bhfuil dlúthpháirtíocht agus tacaíocht iomlán Dheoise Chaitilicigh na Gaillimhe ag Ardeaspag Thuama in Eaglais na hÉireann, Patrick William Rooke agus ag an tOirmhinneach Stan Evans dá gcrógacht agus dá mbuansheasmhacht i ndiaidh na heachtra bhagarthaí seo.