Deir teangeolaí agus comhairleoir pleanála teanga go dteastaíonn ar a laghad €250,000 le plean teanga a chur i bfheidhm i ngach limistéir pleanála.
Dúirt an Dr. Dónall Ó Baoill nach leor an €100,000 atá á thairiscint do na limistéir ina bhfuil plean á chur ná curtha le chéile ina leith. Dúirt sé freisin nach bhfuil plean ceart ag an Rialtas maidir le tabhairt faoin obair.
Bhí baint ag an Dr. Ó Baoill le Plean Mheitheal Pleanála Teanga an Iar-Thuaiscirt.
Deir Ó Baoill freisin go bhfuil ceantracha i nDún na nGall ina bhfuil an Ghaeilge i bhfad níos láidre ná ceantracha eile agus go gcaithfear aird a dhíriú ar an éagsúlacht sin má tá pleanáil cheart teanga le déanamh.
Maidir le Plean Teanga Chloich Cheann Fhaola a bhfuil glacadh ag an phobal leis measann Dónall Ó Baoill nach leor an méid sin le stop a chur leis an mheath atá ar an teanga sa cheantar.
Maidir leis na ceantracha laga Gaeltachta i nDún na nGall, dúirt sé go bhfuil seans gur cheart beartais eile a chur ar bun sular féidir tabhairt faoin phleanáil cheart teanga
Measann sé nach npoibreoidh na pleananna teanga muna gceadófar ar a laghad €250,000 an ceann dóibh.
Bhí Dónali Ó Baoill ag labhairt ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar ball