Tá súil inniu go dtabharfaidh Sinn Féin agus an DUP cuntas faoin seans atá ann gur féídir an choimhlint eatarthú faoi bhunú na Comhfheidhmeannachta a sháraú.
Dúirt uachtarán Shinn Féín Gerry Adams le cruinniú in Ard Mhacha aréir nach mbeidh aon sárú ar an tsáínn gan an dá pháirtí dul i gcomhar a chéile.
Cé nach é an lá inniu lá na cinniúna maidir le riail dhíreach ó Westminster a chur ar bun, is lá tábhachtach mar sin féin é.
Tá deich mí ann ó tharraing Sinn Féin amach as an gcomhfheidhmeannacht leis an DUP, tar éis aighnis faoi scéim teasa in-athnuaite agus Acht Gaeilge ar leith.
Sin a thug an toghcháin chuig an gComhthionól Mí na Márta, ina bhfuair Sinn Féin agus an DUP móramh mór na suiochan ag Stormont.
In ainneoin spiocamanta bheith caite, níor éírigh leis na páirithe teacht ar shocrú a d'athbhunódh an chomhfheidhmneannacht, ó bhí an toghchán ann.
Buailfidh Gerry Adams, Michelle O'Neill agus baill eile de Shinn Féín le Arlene Foster agus an DUP chun caintenna a thionscnamh.
Ní fios fós cén scéala a thiocfas as na cainteanna sin.
Deir Stát-Rúnaí an Tuaiscirt, Jame Brokenshire go dtosóidh rialtas na Breataine ar buiséad a cheapadh don Tuaisceartl mara mbeifear tagtha as an tsáínn faoin Luan an 6 Samhain.