Deir Ian Mac Aindriú as Béal a' Mhuirthead go bhfuil díomá air nár ainmnigh Comhairle Chontae Mhaigh Eo é mar chomhalta ar Bhord Údarás na Gaeltachta.
Bhí sé san iomaíocht ag cruinniú de chuid na Comhairle inné.
Is oth leis, a deir sé go ndearna Fianna Fáíl cinneadh duine a chur ar Bhord an Údaráis ar son Mhaigh Eo, nach as an nGaeltacht é.
Is é John Caulfield, an comhairleoir de chuid Fhianna Fáil as Cill Cheallaigh atá tofa mar ionadaí na Comhairle ar an mBord.
Dúirt Ian Mac Aindriú freisin go raibh díomá air le cuid de na neamhspleáigh a gheall vóta dhó agus a rinne, a deir sé, a mhalairt nó a staon ag an gcruinniú.
Toghadh Ian Mac Aindriú ar Bhord Údarás na Gaeltachta den chéad uair i 1999, agus bhí sé ina bhall tofa go dtí 2012, tráth a ceapadh chuig an mBord é ar ainmniúchán ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo.
Bhí Ian Mac Aindriú ag labhairt ar Adhmhaidin, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin