Tá ainmniúchán faighte ag teach altranais sa Spidéal i gConamara, Áras Chois Fharraige, do Ghradam Náisiúnta Q Mark 2017.
Gradam iomráiteach é an Q Mark a bhronntar ar chomhlachtaí a bhaineann na caighdeáin is airde amach ó thaobh sárchleachtas agus barrfeabhais seirbhíse.
Deir Pat Folan, Stiúrthóir Altranais an Árais, go bhfuil siad fíor shásta an t-ainmniúchán a fháil agus gur léiriú é ar dhíogras agus ar obair chrua fhoireann oibre an Árais.
Deir sí gur cainteoirí Gaeilge iad 70% de na daoine atá ag fáil cúraim sa teach altranais.
Cinntítear a deir sí go gcurtar seirbhís trí Ghaeilge ar fáil dóibh.
Is siad na gnólachtaí a éiríonn leo na scóranna is airde a bhaint amach sna hiniúchtaí go léir a dhéantar a churtar ar an ngearrliosta sna catagóirí éagsúla.