Ag cruinniú a bhí inniu ag Comhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais i nGaeltacht Mhúscraí, hiarradh ar bhaill an Chomhchoiste a chinntiú go mbeadh maoiniú ar fáil chun Plean Teanga Mhúscraí a chur i bhfeidhm. Tá an plean nach mór ullamh anois agus 75 beartais éagsúla ann a tháinig ó mholtaí an phobail féin.
Pléadh fadhbanna leis na coinníollacha a bhíonn ag gabháil le scéimeanna fostaíochta pobail, a chuireann iachall ar rannpháirtithe éirí as an scéim tar éis bliana. Dúirt bainisteoir Chomharchumann Forbartha Mhúscraí Julia May Uí Chríodáin gur chruthaigh sé sin go leor fadhbanna don chomharchumann agus do na rannpháirtithe iad féin.
Bhí an Comhchoiste ar cuairt i rith an lae ar an gComharchumainn agus ar Ionaid Sinsear i gCill na Martra, i mBéal Átha 'n Ghaorthaidh agus i mBaile Bhúirne sula ndeachaigh siad go dtí Óstán Gobnatan tráthnóna chun an polasaí oideachais Gaeltachta a phlé le hionadaithe as na scoileanna i gceantar Mhúscraí, idir mhúinteoirí, dhaltaí, ionadaithe pobail, agus an pobal i gcoitinn.