Tá fáilte cháiréiseach curtha ag an Taoiseach Leo Varadkar roimh an óráid a thug Príomh-Aire na Breataine Theresa May i bhFlórans san Iodáil inniu maidir le himeacht na Breataine as an Aontas Eorpach.

D'fháiltigh an Taoiseach roimh a raibh le rá ag Theresa May nach bhfuil ceachtar dream sna comhráite ag iarraidh go mbeadh teorainn in Éirinn mar a bhíodh san aimsir a caitheadh.

Thug an Taoiseach le fios go mbeadh tuilleadh cainteanna aige féin leis an bPríomh-Aire May i Londain Dé Luain seo chugainn.

Ina hóráid, mhol Theresa May freisin go mbeadh fáil ag an mBreatain ar na socruithe céanna sa mhargadh aonair agus atá acu faoi láthair ar feadh dhá bhliain tar éis dóibh dealú ón Aontas Eorpach.  

Mhol sí freisin go mbeadh conradh nua slándála idir an Bhreatain agus an tAontas le dul i ngleic le haon bhagairt a thiocfadh chun cinn.