Tharla pléasc ar maidin ar thraen faoi thalamh in iardheisceart chathair Londain. De réir na dtuairiscí, ceaptar gur soitheach bán a phléasc agus go bhfuil roinnt daoine dóite dá bharr. Eachtra sceimhlitheoireachta atá a thabhairt air.
Tugadh 18 duine ag an ospidéal le gortaithe éagsúla bainteach le deacrachtaí análú agus loscadh craicinn.

Dúirt Mark Rowley, Leas-Choimisinéir na bPóilíní gur sheol an pléascadh meall tine suas caráiste traenach ar an District Line in iardheisceart na cathrach fad agus a bhí an traen ag seasamh ag Stáisiún Parsons Green.
Dúirt Rowley gur tharla an pléasc nuair a lasadh an feiste phléascach sheiftithe (improvised explosive device).


D'iarr Méara Londain, Sadiq Khan ar dhaoine guaim a choinneáil orthu féin. Dúirt sé nach bhfaighidh sceimhlitheoireacht an ceann is fearr go brách ar na húdaráis i Londain.
Beidh an príomhaire, Theresa May, ina cathaoirleach tráthnóna ar choiste éigeandála COBRA, le plé a dhéanamh ar an méid atá tarlaithe.
Deir na póilíní gur cuireadh ar an eolas iad faoin bpléasc i Stáisiún Parsons Green, ar a mbíonn an District Line ag 8.20 ar maidin agus go raibh na seirbhísí éigeandála ar an láthair go pras.

Níl fhios fós cén sórt ábhair pléascach a bhí sa soitheach ná cé mhéid dochair atá déanta ag an bpléascadh.