Tá litir ghearáin sínithe ag suas le scór oibrí sa stáisiún raidió Newstalk mar gheall ar an méid a bhí le rá ag an gcraoltóir George Hook ar a chlár raidió faoi chás éignithe i Sasana.
Tá a chomhghleacaithe ag iarraidh go mbainfí den aer é i bhfianaise a ndúirt sé.
Tá an méid a dúirt sé cáinte go láidir ag Comhairle Náisiúnta na mBan chomh maith.
Ghabh Hook leithscéal ar Twitter agus ar a chlár raidió. Dúirt sé nach raibh sé ceart go ndearfaí go bhféadfaí an milleán a chur orthu siúd a ndearnadh éigniú orthu.