Tá sé tugtha le fios ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) go gcuirfear tús le tréimhse tacaíochta agus cúnaimh sna seachtainí amach romhainn do scoileanna a bhfuil spéis léirithe acu sa phróiseas oideachais Ghaeltachta.
Dúirt príomhfheidhmeannach COGG Muireann Ní Mhóráin gur tréimhse pleanála a bheas i gceist as seo go tús na bliana seo chugainn - seachas tréimhse feidhmithe - ach go bhfuil míthuiscint ar roinnt scoileanna faoi seo.
Dúirt sí nach bhfuil an Roinn Oideachais ag súil leis go gcuirfeadh scoileanna an tumoideachas iomlán i bhfeidhm láithreach agus gur plean cúig bliana atá i gceist.
Beidh ar gach scoil plean a réiteach agus éileamh a dhéanamh ar achmhainní sula dtabharfaidh an Roinn aon chúnamh, a dúirt Muireann Ní Mhóráin.
Dúirt sí chomh maith nach raibh sé luaite san imlitir faoin bpolasaí oideachais a scaipeadh ar scoileanna go mbeadh múinteoirí breise ar fáil.
Tá beirt oifigeach oideachais fostaithe ag COGG anois - Mait Ó Brádaigh agus Micheál S Mac Donncha - agus iad lonnaithe in oifigí nua na heagraíochta sna Forbacha i gCo na Gaillimhe.
Beidh na hoifigigh seo ar fáil le cúnamh a thabhairt do scoileanna agus iad ag réiteach pleananna.
Beidh cigirí ag dul chuig scoileanna sna seachtainí amach romhainn le comhairle a chur ar phríomhoidí agus mhúinteoirí agus beidh COGG ag eagrú cruinnithe le príomhoidí, muinteoirí, tuismitheoirí agus lucht pleanála teanga ina dhiaidh sin, a dúirt Muireann Ní Mhóráin.