skip to main content

Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil bronnta ar an Taoiseach

An Taoiseach, leo Varadkar agus an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill ag ócáid bhronnta teastais sa Ghaeilge Ghairmiúil i dTigh an Ardmhéara aréir
An Taoiseach, leo Varadkar agus an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill ag ócáid bhronnta teastais sa Ghaeilge Ghairmiúil i dTigh an Ardmhéara aréir

Bronnadh Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil ar an Taoiseach, Leo Varadkar ag ócáid speisialta de chuid Choláiste na hÉireann agus Gaelchultúr i dTigh an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath aréir. B'é an Coimisinéir Teanga, Rónan Ó Domhnaill a bhí i mbun bronnta. 

Labhair an taoiseach faoi chomh bródúil agus atá sé an teastas bheith bainte amach aige agus dúirt gur bhain sé an-taitneamh as an gcúrsa ráithe ach go bhfuil go leor fós le foghlaim aige.