Tuairiscítear go bhfuil ar a laghad 19 maruithe i ndiaidh do Spéirling Irma oileáin sa Mhuir Chairib a bhualadh le gálaí gaoithe de neart 290 cilliméadar san uair (csa) agus duartanach báistí. 

Bhuail Irma, atá airithe i measc na stoirmeacha is láidre le céad bliain anuas, cóstaí thuaidh Phoblacht Dhoiminiceach agus Haiti - ag bataráil ar Oileáin Turks agus caicos le neart de chatagóir 5, an grád is airde spéirlinge dá bhfuil ann. 

Tearmann i Santa Domingo, Poblacht Dhoiminiceach


Tá an stoirm ag déanamh ar na Bahámaí, áit a bhfuiltear ag réiteach do mhaidhmeanna 6m sula ndíríonn sé ar Chúba agus as sin go Florida ar an nDomhnach. 

St Martin i ndiaidh na stoirme


Tá údaráis ag iarraidh ar thurasóirí agus áitritheoirí araon na ceantracha is mó atá i mbaol a fhágaint a luaithe agus is féidir.