Tá an t-aisteoir clúiteach Peadar Lamb tar éis bháis. Bhí sé 87 bliain d'aois. B'as an mBóthar Buí, An Cheathrú Rua, i gConamara ó dhúchás é ach bhí cuid mhór dá shaol caite i mBaile Átha Cliath aige.
Bhí sé pósta leis an aisteoir cáiliúil Geraldine Plunket
Mac leis an ealaíontóir mór le rá Charles Lamb ab ea Peadar Lamb.
Bhí baint aige le hAmharclann na Mainistreach ó bhí a chéad pháirt aige i ndráma ansin sa bhliain 1954.
Bhí sé sna drámaí An Giall, The Shadow of a Gunman agus Philadelphia Here I Come.
Chuaigh sé timpeall Mheiriceá Thuaidh le The Playboy of the Western World i 1990.
Bhí sé le feiceáil agus le cloisteáil go minic freisin ar RTÉ i gcaitheamh na mblianta.
Bhí páirteanna aige i gCré na Cille, In Ainm an Athar, The Field, Far and Away and Michael Collins ar an scáileán mór.
Ar an teilifís, ghlac Peadar Lamb páirt i Ros na Rún, Fair City agus Father Ted.
Maireann a bhean chéile Geraldine agus a gcúigear clainnne.
Cuirfear Dé Luain i Reilig Ghráinseach an Déin é tar éis Aifrinn éagnairce i Séipéal Mhuire na mBua sa Naigín, Co Bhaile Átha Cliath.