skip to main content

Rósanna Thrá Lí ar an teilifís anocht

Dáithí agus na rósanna a bheidh san iomaíocht
Dáithí agus na rósanna a bheidh san iomaíocht

Is anocht in ionad an Dome i dTrá Lí a chuirfear an chéad ghrúpa rósanna, atá roghnaithe don stáitse, faoi agallamh teilífíse.

Is é an láithreoir Dáithí Ó Sé ó Bhaile na nGall, Gaeltacht Cho.Chiarraí a chuirfidh faoi agallamh iad.

Is é seo an t-ochtú bliain aige a bheith i mbun na n-agallamh ar na rósanna.

18 spéirbhean a bheas ar an stáitse anocht.

Cuirfear 14 spéirbhean eile faoi agallamh san oíche amárach.

Is ag a 8.00 i.n a chuirfear tús leis an gcraoladh.

Beidh a fhios san oíche amárach cé hí Rós Thrá Lí na bliana seo.