Tuairiscítear tráthnóna go bhfuil Uachtarán Mheiriceá Donald Trump tar éis bata agus bóthar a thabhairt dá phríomh straitéisí, Steve Bannon.

Tá an New York Times ag tuairisciú go bhfuil an tUachtarán i ndiaidh Steve Bannon a dhíbirt ón Teach Bán - mar gheall ar an nasc atá aige is cosúil le grúpaí atá go mór ar an eite dheis.

Deir Steve Bannon gurb é fhéin a d'éirigh as.

I Mí Eanair seo caite a ceapadh Steve Bannon ina Phríomh-straitéisí don Uachtarán Donald Trump.