skip to main content

Bata agus bóthar tugtha do Steve Bannon

Bata agus bóthar tugtha do Steve Bannon is cosúil
Bata agus bóthar tugtha do Steve Bannon is cosúil

Tuairiscítear tráthnóna go bhfuil Uachtarán Mheiriceá Donald Trump tar éis bata agus bóthar a thabhairt dá phríomh straitéisí, Steve Bannon.

Tá an New York Times ag tuairisciú go bhfuil an tUachtarán i ndiaidh Steve Bannon a dhíbirt ón Teach Bán - mar gheall ar an nasc atá aige is cosúil le grúpaí atá go mór ar an eite dheis.

Deir Steve Bannon gurb é fhéin a d'éirigh as.

I Mí Eanair seo caite a ceapadh Steve Bannon ina Phríomh-straitéisí don Uachtarán Donald Trump.