skip to main content

Roinnt rósanna i gCorca Dhuibhne

An fear é féin, chun tosaigh ar na rósanna
An fear é féin, chun tosaigh ar na rósanna

Tabharfaidh 30 spéirbhean as an 64 atá san iomaíocht do Rós Thrá Lí na bliana seo, maraon lena ngiollaí, cuairt ar Chorca Dhuibhne i gCo.Chiarraí inniu.

Tá sé i gceist acu dul amach chomh fada leis an deilf Fungi níos deireanaí.

I measc na n-áiteanna a bhfuil siad ag tabhairt turais orthu tá Ionad an Bhlascaoid  Mhóir i nDún Chaoin mar a bhfaighidh siad turas treoraithe timpeall an Ionaid.

Tá Potadóireacht Louis Uí Mhaolchatha i gClochar ar an liosta dóibh freisin.

Tar éis lón a chaitheamh in Óstán na Sceilge, roinnfear i 2 ghrúpa iad.

Tabharfaidh grúpa amháin acu turas ar Mhara Beo agus rachaidh an grúpa eile amach ar bhád chomh fada le Fungi.

Dé Máirt seo chugainn, in Ionad an Dome i dTrá Lí a roghnófar Rós na bliana seo.

Is é Dáithí Ó Sé, cé eile ar ndóigh, a bheas ag láithriú na féile.