Thug Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump le fios gur mhian leis go dtabharfaí poist i gcomhlachtaí Meiriceánacha in Éirinn 'ar ais go Meiriceá.'

Rinne an tUachtarán Trump an ráiteas ag preasócáid i Nua-Eabhrac aréir agus é ag freagairt ceisteanna faoin easaontas idir é agus feidhmeannaigh i roinnt comhlachtaí Meiriceánacha.

Tá príomhfheidhmeannaigh na gcomhlachtaí Merck agus Intel i measc triúir a d'éirigh as comhairle déantúsóirí an Uachtaráin i bhfianaise na conspóide maidir leis an méid a dúirt sé faoi na heachtraí foréigin i stát Virginia an deireadh seachtaine seo caite. Tá na mílte daoine fostaithe in ionaid Merck agus Intel sa tír seo. 

Cháin Donald Trump an triúr agus thug sé le fios nár cheart dá gcomhlachtaí a bheith i mbun déantúsaíochta in Éirinn. Dar leis gur chóir go mbeadh na poist sna comhlachtaí sin ar fáil d'oibrithe sna Stáit Aontaithe.