Tá an t-aisteoir cáiliúil as Corcaigh Michael Twomey tar éis bháis. 84 bliain d'aois a bhí sé.
Bhí aithne mhór air mar 'Miah', duine de bheirt charachtar Chorcaíocha sa scigchlár Hall's Pictorial Weekly a craoladh ar RTÉ sna seachtóidí. An t-aisteoir Frank Duggan a bhí sa charachtar eile 'Cha'.
Is ag Michael Twomey a bhí an phríomhpháirt sa léiriú ar an dráma The Outgoing Tide in Amharclann an Everyman dhá bhliain ó shin.
Bronnadh saoirse chathair Chorcaí air sa bhliain 2015.