skip to main content

Ómós á léiriú don iriseoir agus craoltóir Cathal Mac Coille atá imithe amach ar phinsean ó RTÉ inniu.

Tá ómós á léiriú don iriseoir agus craoltóir Cathal Mac Coille atá imithe amach ar phinsean ó RTÉ inniu. 

Thug sé fiche bliain i mbun an chláir Morning Ireland ar Raidió hAon.

Thosaigh sé le Morning Ireland ar dtús i 1986 agus d'fhan sé ann go dtí 1990. D'fhill sé arís i 2001.

Idir na blianta 1990 agus 2001, d'oibrigh Cathal Mac Coille mar eagarthóir nuachta agus mar eagarthóir cúnta ar an Sunday Tribune. 

Bhí sé ag obair le Nuacht na Gaeilge agus bhí sé ina chéad chomhfhreagraí polaitíochta le Nuacht TG4.

Bronnadh gradamh PPI do Chraoltóir Nuachta na bliana air i 2011. 

D'fhág Cathal slán lena éisteoirí dílis ar an gclár Morning Ireland ar maidin.

Gaelgeoir go smior é Cathal MacCoille agus bíonn sé ag scríobh as Gaeilge don suíomh idirlín nuachta Tuairisc.ie faoi láthair.