Tá na Gardaí le hiar-bhall den IRA, a d'admhaigh go raibh láimh aige i mbuamáil Bhirmingham i 1974, a cheistiú.
Tá Bleachtairí ó Aonad Speisialta an Gharda Síochána, le Michael Hayes, atá 70 bliain d'aois, agus atá ina chónaí i mBaile Átha Cliath, a cheistiú, ar iarratas ó fhoireann dlí cróinéara na Ríochta Aontaithe.
Dúirt Michael Hayes gur ghlac sé freagracht choiteann don ionsaí, ach deir sé nach bhfuil a fhios aige cé a leag na buamaí a mharaigh 21 duine i Samhain 1974.