skip to main content

Tá Croiméal cáiliúil an ealaíontóra Salvador Dali fós slán, a deir an balsamóir a d'oibrigh ar a chorp 30 bliain ó shin.

Sa Spáinn, tá tús curtha le tástálacha DNA ar chorp an ealaíontóra Salvador Dali. Tá na scrúdaithe seo á ndéanamh mar go bhfuil bean darb ainm di Maria Pilar Abel Martínez ag maíomh go raibh caidreamh idir a máthair agus an t-ealaíontóir sna caogaidí agus gur rugadh ise dá bharr.

Tá beagnach tríocha bliain imithe tharainn ó fuair Salvadar Dali bás. Rinneadh a chorp a bhaint as a uaigh aréir. Tógadh na samplaí DNA ó fhiacla, ó chnámha agus ó ingne an ealaíontóra.

Rugadh Maria Pilar Abel Martínez sa mbliain 1956. Déanann sí léirmhíniú ar chártaí Tarot.

Más fíor don mhéid atá ráite aici, ní bheadh ach leanbh amháin ag Salvador Dali agus Maria Pilar Abel Martínez a bheadh inti. Ciallaíonn sé sin go bhféadfadh sí éileamh a dhéanamh ar chuid dá eastát. Is le Rialtas na Spáinne é fé láthair.

Bhí an balsamóir a d’oibrigh ar chorp Salvador Dali théis a bháis sa mbliain 1989 ar lámh aréir agus corp an ealaíontóra á bhaint amach as an uaigh. Dúirt sé go bhfuil croiméal cáiliúil Dali fós slán.

Beidh na torthaí DNA ar fáil i gceann roinnt seachtainí.