D’fhoilsigh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán tuarascáil inniu dar teideal ‘An Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-Éireann tar éis an Bhreatimeachta’.
Tá 5 mholadh sa tuarascáil.
1. Moltar don Rialtas a chur in iúl do Rialtas na Breataine go gcreideann siad go bhfuil gá práinneach agus bunreachtúil ann go n-achtófaí Acht na Gaeilge do Thuaisceart Éireann chomh luath agus is féidir. Molann an Coiste go mbeidh bunú Oifige Coimisinéara Teanga i dTuaisceart Éireann mar chuid d’fhorálacha na reachtaíochta sin.
2. Moltar don Rialtas socruithe a chur i bhfeidhm i gcomhpháirtíocht agus i gcomhaontú le Rialtas na Breataine a dheimhneoidh an comhoibriú agus an dul chun cinn trasteorann i gcúrsaí Gaeilge i ndiaidh an Bhreatimeachta.
3. Moltar socruithe a chur i bhfeidhm i gcomhpháirtíocht agus i gcomhaontú leis an Aontas Eorpach a dheimhneoidh go mbeidh na buntáistí céanna ag saoránaigh na hÉireann atá ina gcónaí sa 2 dhlínse in Éirinn.
4. Moltar don Rialtas a chinntiú leis an Aontas Eorpach, le Rialtas na Breataine agus leis an Tionól i dTuaisceart Éireann ceist mhaoiniú na gcomhlachtaí forfheidhmithe a phlé agus socruithe cinnte a chur i gcrích ionas go mbeidh a dtodhchaí slán agus nach mbeidh siad ag brath ar bhallraíocht na Breataine san Aontas Eorpach.
5. Moltar don Rialtas a chinntiú roimh imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach nach ndéanfar aon laghdú ar stádas oifigiúil na Gaeilge mar theanga oibre san Aontas Eorpach agus go leanfar ar aghaidh leis an aitheantas don Ghaeilge mar phríomhtheanga na hÉireann sa bhaile agus thar lear.
Tá an tuarascáil bunaithe ar chinntí an Choiste tar éis cruinniú le hionadaithe ó Chonradh na Gaeilge, Foras na Gaeilge agus Pobal – Scátheagras Phobal na Gaeilge sa Márta.
Luaigh Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile TD, gur dóigh le breis agus 80% de mhuintir na hÉireann gurb í an Ghaeilge ceann de na siombailí agus na réaltachtaí is sainiúla a ghabhann leis an bhféiniúlacht Éireannach agus go gcreideann siad gur chóir í a chosaint agus a chothú ar bhonn uile-Éireann. Tá tacaíocht láidir á tabhairt go bríomhar don Ghaeilge i dTuaisceart na hÉireann agus tá pobail ann ina labhraítear an Ghaeilge go forleathan gach lá.